I roinnt téacsanna Rúraíochta, castar orainn mná osnádúrtha a bhfuil an cumas acu éin (ealaí go háirithe) a dhéanamh díobh féin: Derbforgaill in Aided Derbforgaill, Fand in Serglige Con Culainn, Caer in Aislinge Óengusa, srl. Go hiondúil, bíonn laoch an scéil sa tóir ar an mbean seo. Cuireann a leithéid seo de mhná i gcuimhne dúinn móitíf na heala-mhná (nó swan maiden) agus an finscéal idirnáisiúnta ATU 400 ’Man on a Quest for his Lost Wife’. Insítí an scéal seo ar fud na hEoraipe, agus bailíodh scórtha de leaganacha in Éirinn sa 19ú agus 20ú aois.
Séard atá i gceist agam sa gcaint seo ná an bhaint a d’fhéadfadh a bheith ag na scéalta meán-aoiseacha seo leis an bhfinscéal a phlé. Arbh ea go raibh an finscéal ar eolas ag údair na dtéacsanna seo? Cén chaoi a d’athraigh siad an traidisiúin béil nuair a chuaigh siad i mbun scríbhneoireachta? Agus cén chaoi is féidir úsáid a bhaint as na scéalta seo mar fhoinse eolais do stair agus scaipeadh an traidisiúin béil seo?